Foilsíonn tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta Tuarascáil Bhliantúil 2021

 07 Meitheamh 2022Tá an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta (HSA) tar éis Tuarascáil Bhliantúil 2021 dá chuid a fhoilsiú inniu, Dé Máirt, 7 Meitheamh, tuarascáil ina dtarraingítear aird ar an raon leathan gníomhaíocht oibre a rinneadh i rith na bliana, lena n-áirítear a raon uirlisí agus tacaíochtaí d’fhiontair, d’fhostóirí agus d’fhostaithe chun a chur ar a gcumas a n-oibleagáidí reachtúla a chomhlíonadh le haghaidh na n-earraí a dhéanann nó a iompórtálann siad, chomh maith lena chinntiú go gcoinníonn siad iad féin agus a n-ionaid oibre sláintiúil agus sábháilte.  In 2021, bliain deiridh a thimthrialla straitéisigh, leag an tÚdarás síos bunchloch dá chéad straitéis eile, tráth a dtiocfaidh fás suntasach ar an eagraíocht chun béim bhreise a chur ar ghuaiseacha sláinte ceirde, go háirithe iad siúd a bhaineann le rioscaí síceasóisialta agus eirgeanamaíochta, agus nochtadh d’oibreáin cheimiceacha agus bhitheolaíocha. Áirítear le príomh-bhuaicphointí Thuarascáil Bhliantúil 2021:Cuireadh 7,477 cigireacht i gcrích ar fud na n-earnálacha ar fad in 2021, agus cuireadh 1,109 imscrúdú eile i gcrích i bhfianaise tuairiscí ar thimpistí agus gearáin a fuarthas.As an 7,477 cigireacht réamhghníomhach in 2021, rinneadh 1,383 cigireacht ar cheimiceáin, agus astu siúd bhain 666 cigireacht le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar (ADR).Mar gheall ar ghníomhaíochtaí faireachais margaidh, baineadh 87 cineál táirge cheimicigh de mhargadh na hÉireann agus cuireadh deireadh le díol 61 táirge eile leis an bpobal ginearálta mar gheall ar neamhchomhlíonadh na gceanglas lipéadaithe agus pacáistithe. Rinneadh measúnú ar 970 táirge ceimiceach agus 150 táirge tionsclaíoch ar mhargadh na hÉireann le feiceáil ar chomhlíon siad ceanglais theicniúla.Bhronn Bord Náisiúnta na hÉireann um Chreidiúnú (INAB) 18 gcreidiúnú nua, agus rinneadh 342 cinneadh eile faoi athchreidiúnú. Fuair INAB 23 iarratas nua ar chreidiúnú in 2021 freisin, agus fuarthas 166 iarratas ar shíneadh le raon feidhme ó chliaint chreidiúnaithe reatha.In 2021, d’fhorbair INAB straitéis 2022–2026 le haghaidh creidiúnú, straitéis atá dírithe ar an todhchaí. Is í seo an chéad ráiteas straitéise dá leithéid le haghaidh an chreidiúnaithe in Éirinn, agus forbraíodh í chun aitheantas a thabhairt don ról a bheidh ag an gcreidiúnú i dtacú leis an Rialtas, fiontair, rialálaithe agus tomhaltóirí anois agus amach anseo.Sa bhliain 2021, bhí laghdú ar cuireadh fáilte roimhe ar bhásuithe a bhain leis an obair, agus 38 bás tuairiscithe i gcomparáid le 54 in 2020, titim 30% agus an líon is lú a taifeadadh ó bunaíodh an tÚdarás in 1989.Lean raon tacaíochtaí saor in aisce le haghaidh Fiontar, Fostóirí agus Fostaithe ag mealladh rannpháirtíocht shuntasach, agus in 2021 amháin: Íoslódáladh seicliostaí agus teimpléid COVID-19 ón Údarás 125,364 uair.Bhí 8,672 clárúchán nua ar ie, a thug an líon iomlán go 86,834.Rinneadh 56,804 cúrsa ar líne ar ie in 2021.Cuireadh an clár Choose Safety (2020/21) i láthair 27,494 scoláire i 564 iar-bhunscoil agus institiúid ardoideachais.Ag fáiltiú dó roimh Thuarascáil Bhliantúil an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta le haghaidh 2021, dúirt an tAire Stáit Gnó, Fostaíochta agus Miondíola, Damien English TD, “Cé go bhfaca an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta níos lú básuithe a bhain leis an obair in Éirinn anuraidh, is é sin 38 duine, tá a bhfócas leanúnach riachtanach i réimsí ar nós feirmeoireachta, cúram sláinte agus foirgníochta ina mbíonn baol níos airde gortaithe nó tinnis ceirde. D’éirigh an-mhaith leis an Údarás agus iad ag cur chun cinn úsáid an lear mhóir uirlisí, cúrsaí agus tacaíochtaí ar líne dá gcuid agus mholfainn do gach fostóir agus oibrí, iad siúd atá féinfhostaithe ina measc, leas a bhaint astu.“Níos túisce i mbliana, d’fháiltigh mé roimh Ráiteas Straitéise nua an Údaráis le haghaidh 2022–2024 agus táim ag súil le leathnú lucht oibre an Údaráis a fheiceáil chun a sainchúram leathan a sholáthar, agus iad ag oibriú i gcomhar le fostóirí agus fostaithe, i dtreo ionaid oibre níos sábháilte agus níos folláine in Éirinn.”Anuas ar a chéad Ráiteas Straitéise eile a fhorbairt, rinne an tÚdarás dul chun cinn freisin ar rannóg nua a bhunú ina mbeidh béim ar shláinte cheirde. Méadófar go mór líon na foirne as seo go ceann cúpla mí mar chuid den fhorbairt sin, agus cuirfidh sé ar chumas an Údaráis é féin a struchtúrú agus a eagrú chun a shainordú leathan a sholáthar amach anseo.Agus Tuarascáil Bhliantúil 2021 de chuid an Údaráis á cur i láthair, dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta, an Dr Sharon McGuinness, “In 2021, leagamar romhainn torthaí follasacha a bhaint amach ar fud ár sainordaithe, lena n-áirítear sábháilteacht agus sláinte cheirde, creidiúnú, ceimiceáin, agus faireachas margaidh. Agus ár spriocanna straitéiseacha ó 2019–2021 á mbaint amach, lean an tÚdarás ag tabhairt spreagadh agus tacaíochta d’fhiontair chun freagracht a ghlacadh as a gcomhlíonadh, agus ghlac sé beart forfheidhmithe cuí agus comhréireach nuair ba ghá. D’oibríomar go dlúth freisin leis an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ar fhorbairtí agus ar thograí reachtacha. “Ag féachaint chun cinn, leanfaidh an tÚdarás ag freastal ar thimpeallacht oibre in Éirinn atá de shíor ag athrú, agus tá sé tábhachtach go bhforbródh an eagraíocht ar aon dul leis an athrú sin chun na torthaí is fearr a bhaint amach. Agus muid ag leanúint ag cur ár spriocanna in ord tosaíochta chun na réimsí ar fud ár sainordaithe a chur chun cinn, a rialáil, a chreidiúnú agus tionchar a imirt orthu, tá an tÚdarás ag méadú a lucht oibre agus ag atheagrú a struchtúir chun rannóg nua Sláinte Ceirde a bhunú. Díreoidh an rannóg nua sin ar ábhair imní sábháilteachta agus sláinte éagsúla in ionaid oibre na hÉireann, lena n-áirítear tionchair na paindéime a chuir dlús faoin aistriú chuig cianoibriú/oibriú hibrideach, fás leanúnach an ‘gheilleagair poistíneachta’, riachtanais áirithe oibrithe leochaileacha agus grúpaí imirceach, agus tionchar cúrsaí síceasóisialta san ionad oibre.”Ag féachaint siar dó ar 2021, dúirt Cathaoirleach an Údaráis, Tom Coughlan, “Bhí comhoibriú suntasach ar bun idir an tÚdarás, gníomhaireachtaí rialtais éagsúla, agus grúpaí fostóirí agus fostaithe in 2021 ar fhorbairt raon leathan tacaíochtaí, lena n-áirítear comhordú na freagartha trasrialtais ar phaindéim COVID-19. D’fháiltíomar freisin roimh aschuir shuntasacha ón gCoiste Comhairleach um Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Feirmeoireachta agus é ag foilsiú an Phlean Gnímh is deireanaí uaidh le haghaidh 2021–2024 agus ó Phlean Gnímh 2022–2024 ón gCoiste Comhairleach um Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Foirgníochta. Leanfaidh an tÚdarás ag comhoibriú agus ag obair i gcomhpháirt leis na grúpaí sin chun tuilleadh feasachta a mhéadú ar ár bpríomhthosaíochtaí straitéiseacha. Molaimid freisin go gclárófaí Ionadaithe Sábháilteachta in ionaid oibre chun a chinntiú go gcomhoibríonn fostóirí agus fostaithe chun cleachtais oibre shábháilte agus shláintiúla a chinntiú.”Léigh nó íoslódáil Tuarascáil Bhliantúil 2021 de chuid an Údaráis Sláinte agus SábháilteachtaLéigh nó íoslódáil Ráiteas Straitéise 2022–2024 de chuid an Údaráis Sláinte agus SábháilteachtaAdblock test (Why?)